| Dáta Faofa: 18.04.2024 | Arna fhaomhadh ag: Cathaoirleach Bhord Ard-Mhúsaem na hÉireann |
| Dáta an Athbhreithnithe: Aibreán 2027 | Freagracht: An Stiúrthóir Bailiúchán agus Rochtana |
1. Réamhrá
Leagtar amach sa Straitéis um Chúram agus um Chaomhnú Bailiúchán 2023‑2028 (dá ngairtear “an Straitéis” anseo feasta) conas a chomhlíonann Ard-Mhúsaem na hÉireann a chuid freagrachtaí i ndáil le cúram agus caomhnú na mbailiúchán. Forbraíodh í ar aon dul le Ráiteas na Máistirfhíse 2018-2032 “An tAm atá Thart agus an tAm atá le Teacht a Cheangal” agus freagraíonn sí don fhís don Mhúsaem mar institiúid ar chaighdeán idirnáisiúnta, a dhéanann scéalta na hÉireann agus a háit sa saol mór a chaomhnú agus a chur i láthair.
Tá an Straitéis ag teacht go hiomlán leis na téamaí a sainaithníodh mar chuid den Mháistirfhís trí:
Athrú a Chruthú trí aistriú eagraíochta chun torthaí feabhsaithe a sholáthar do na bailiúcháin. Go háirithe, tacóidh sé leis an gcuspóir “caighdeáin ghairmiúla sármhaitheasa a chinntiú i gcúram bailiúchán.”
Athrú a Fhorbairt trí bhonn a chur faoin gclár uaillmhianach forbartha caipitil le caighdeáin fheabhsaithe caomhnaithe agus cúraim lena gcinntítear go gcomhlíonfar na príomhphrionsabail maidir le bailiúcháin a Chosaint, a Chumhdach agus a Dhéanamh Inrochtana.
Tá an straitéis ag teacht le dara Plean Straitéiseach an Ard-Mhúsaeim ‘Inrochtaineacht a Mhéadú, Rannpháirtíocht an Phobail a Spreagadh’ a mhairfidh ó 2023 go 2028.
Sa Phlean, leagtar béim ar ról ceannaireachta an Ard-Mhúsaeim ag croílár oidhreacht chultúrtha na hÉireann, cuirtear fís don todhchaí i láthair, agus leagtar amach trí dhearcadh trína bhféadfaí tionchar a imirt ar obair an mhúsaeim agus a chuid oibre a fheiceáil: an pobal, an pláinéad agus eolas comhroinnte.
1.1 Ar son Pobal
Sainaithnítear leis an dearcadh sin inrochtaineacht agus cuimsitheacht mar bhunchloch obair an mhúsaeim. Treoróidh sé sin obair an mhúsaeim lena n-áirítear forbairt chaipitil, taispeántais agus cúram bailiúchán. Treoirphrionsabal i straitéis chorparáideach an Ard-Mhúsaeim is ea inrochtaineacht ar na bailiúcháin agus cuirtear bonn faoi straitéis, faoi fhorbairt beartais agus faoi oibríochtaí leis. Léirítear é i bprionsabail na Straitéise um Chúram agus um Chaomhnú Bailiúchán faoi Leas an Phobail.
1.2 Ar son an phláinéid
Mar mhórthaisclann do bhailiúcháin eolaíochtaí nádúrtha, tá príomhról ag an músaem maidir le tuiscint ar ár dtimpeallacht a fhorbairt. Beidh sé ina cheannaire maidir le tacaíocht do ghníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar chailliúint na bithéagsúlachta agus ar an athrú aeráide. Cuirfear é sin chun feidhme trí dhea-chleachtas i gcláir forbartha caipitil agus trí thacaíocht a thabhairt do bhearta ísealcharbóin. Léirítear é sin i bprionsabail na Straitéise um Chúram agus um Chaomhnú Bailiúchán faoi Inbhuanaitheacht.
1.3 Ar son eolais chomhroinnte
Mar chuid de líonra leathan comhpháirtithe lena n-áirítear institiúidí cultúrtha, pobail taighde agus páirtithe leasmhara na hearnála poiblí, comhoibreoidh an músaem thar theorainneacha geografacha agus cultúrtha, ag tacú le taighde agus le comhroinnt saineolais. Léirítear é sin sa Straitéis um Chúram agus um Chaomhnú Bailiúchán trí aidhmeanna um Shármhaitheas Caomhnaithe agus Cumarsáid agus Comhobair a Dhéanamh.
Forbraítear an straitéis seo freisin i gcomhréir leis an mBeartas um Chúram agus um Chaomhnú Bailiúchán.
Leagtar amach sa Straitéis clár oibre lena chinntiú go mbeidh an dul chun cinn réamhghníomhach agus inbhuanaithe agus cuirfear pleananna bliantúla leis ina soláthrófar clár mionsonraithe lena sainaithneofar bearta caomhnaithe choiscthigh agus bearta caomhnaithe leasúcháin araon a chinnteoidh go leanfar leis na bailiúcháin a chaomhnú.
Is éard atá i gCúram Uileghabhálach Bailiúchán ná an réimse gníomhaíochtaí atá beartaithe chun bailiúchán a chosaint. D’fhéadfadh beartais eagraíochta, slándáil, stóráil, glanadh, cothabháil, láimhseáil, imscrúdú eolaíoch, monatóireacht agus rialú comhshaoil, taispeántais agus iasachtaí, caomhnú, soláthar ionadaithe, agus pleanáil éigeandála a bheith i gceist leis na gníomhaíochtaí sin. Cé gur leis an Rannóg Caomhnaithe an straitéis sin toisc go mbaineann sí le caomhnú, braitheann sí ar réimse leathan foirne ó rannóg na mbailiúchán agus ó rannóg na n-oibríochtaí araon ar fud an Ard-Mhúsaeim chun í a chur i gcrích.
2. Cuspóir
Is é is cuspóir don Straitéis caighdeáin ghairmiúla maidir le cosaint agus caomhnú fadtéarmach bhailiúcháin Ard-Mhúsaem na hÉireann a chinntiú agus tacú leis na mianta i Ráiteas na Máistirfhíse 15 bliana “An tAm atá Thart agus an tAm atá le Teacht a Cheangal” agus leis an bhFís don Mhúsaem mar “mhúsaem ar chaighdeán idirnáisiúnta, a dhéanann scéalta na hÉireann agus a háit sa saol mór a chaomhnú agus a chur i láthair.”
3. Luachanna Corparáideacha
Leis na luachanna corparáideacha sin, déanfar eolas dár gcuid oibre agus éascófar í.
Maoirseacht
Táimid freagrach as cúram gairmiúil agus léirmhíniú na mbailiúchán náisiúnta, a ndéanfar eolas dóibh le taighde mionchúiseach, le scoláireacht agus le saineolas foirne.
Nuáil
Méadóimid ár gcumas ár mbailiúcháin a roinnt agus spriocluchtanna nua a mhealladh ar ardáin fhisiceacha agus ar líne trí chomhoibriú nuálach ar fud na n-earnálacha a iniúchadh.
Follasacht
Feidhmeoimid prionsabail láidre rialachais chorparáidigh agus chomhlíontachta faoi mhaoirseacht Boird dheonaigh atá tacaithe ag reachtaíocht agus ag beartas poiblí. Cinnteoimid go mbeidh ár gcinnteoireacht soiléir agus trédhearcach trínár mbeartais, ár nósanna imeachta agus ár straitéisí a chur ar fáil ar líne.
Inrochtaineacht
Táimid ar son gach duine. Cinnteoimid go mbeidh ár mbailiúcháin agus ár ngníomhaíochtaí forleathan agus féachaimid le daoine a thugann cuairt ar ár músaeim, a dhéanann teagmháil linn ar líne nó trínár gcláir phoiblí go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta a mhealladh. Tá sé mar aidhm againn rochtain uilíoch a chur ar fáil ar fud ár láithreáin agus ár seirbhísí uile.
Comhoibriú
Uasmhéadóimid ár dtionchar agus méadóimid ár gcaidreamh ar an leibhéal áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta trí oibriú le heagraíochtaí agus le pobail.
4. Treoirphrionsabail Uileghabhálacha
• Tá ról ag gach duine a úsáideann na bailiúcháin nó a bhainistíonn na spásanna ina stóráiltear nó ina dtaispeántar míreanna nó a fhaigheann rochtain ar na spásanna sin, maidir le cúram éifeachtach na mbailiúchán.
• Aithnímid go bhféadfadh riosca a bheith ann maidir le slándáil, fad saoil agus bail gach míre sna bailiúcháin de bharr gníomhaíochtaí uile a bhaineann le húsáid na mbailiúchán, amhail láimhseáil, iompar agus taispeáint.
• Glacfaimid cur chuige bunaithe ar riosca ar fud an mhúsaeim chun tosaíochtaí cúraim agus caomhnaithe bailiúchán a shainaithint agus chun eolas a dhéanamh do leithdháileadh acmhainní.
5. Sainmhínithe
Leagtar amach sa straitéis seo forbairtí i gcaomhnú coisctheach agus leasúcháin, a dhírítear ar chaomhnú fadtéarmach a chinntiú agus an úsáid is fearr as na bailiúcháin á cinntiú ag an am céanna. Áirítear leis sin freisin caomhnú imscrúdaitheach lena bhforbraítear tuiscint níos fearr ar na bailiúcháin agus rochtain níos mó a cur ar fáil orthu.
Cúram bailiúchán:
Is éard atá i gceist leis ná bailiúcháin a chumhdach agus a chosaint trí bhearta chun rioscaí is cúis le meath, damáiste agus caillteanas a laghdú agus cuimsítear leis caomhnú coisctheach, leasúcháin agus imscrúdaitheach.
Caomhnú:
Bearta agus gníomhaíochtaí a dhírítear ar oidhreacht chultúrtha a chumhdach agus meas á thaispeáint ar a tábhacht, lena n-áirítear a hinrochtaineacht do ghlúnta an lae inniu agus do na glúnta atá le teacht.
Caomhnú coisctheach:
Bearta agus gníomhaíochtaí a dhírítear ar dhamáiste, meath agus caillteanas amach anseo a sheachaint nó a íoslaghdú agus, dá réir sin, aon idirghabháil leasúcháin.
Caomhnú leasúcháin (Cóireáil Caomhnaithe):
Gníomhaíochtaí a chuirtear i bhfeidhm go díreach ar réad chun meath a stopadh agus/nó chun damáiste a theorannú.
Is éard atá i gceist leis sin réad nó eiseamal a chóireáil chun go mbeidh bail nó staid níos inghlactha air chun é a chobhsú nó chun gnéithe áirithe dá luach cultúrtha nó eolaíoch a fheabhsú.
Caomhnú imscrúdaitheach:
Is éard atá i gceist leis ná imscrúdú eolaíoch a dhéanamh ar réada ó na bailiúcháin d’fhonn tuiscint níos fearr a fháil ar a ndéantúsaíocht agus ar a stair, rud a fheabhsóidh an tuiscint ar na bailiúcháin agus ar a dtábhacht chultúrtha.
6. Raon Feidhme na Straitéise
Tagraítear sa Straitéis seo do chúram agus do chaomhnú bailiúchán agus iad:
• Ar taispeáint mar chuid de thaispeántas nó iasacht.• I stóras mar chuid dár mbailiúcháin chúltaca.
• Ar idirthuras idir láithreáin nó chuig ionaid eile.
Tagraítear sa Straitéis do mhíreanna bailiúchán mar a leanas:
• Míreanna aonair fhorshealbhaithe agus bailiúcháin.
• Míreanna bailiúcháin faoi chúram an Ard-Mhúsaeim ar iasacht.
• Bailiúcháin chartlainne atá catalógaithe agus atá á gcoinneáil laistigh den Mhúsaem mar áit taiscthe ainmnithe faoin Acht um Chartlann Náisiúnta 1986.
Tá troscán agus feistis stairiúla ina gcuid de fhreagracht Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP), agus oibríonn Ard-Mhúsaem na hÉireann i gcomhar le OOP chun caighdeáin maidir le cúram agus cóireáil a leagan amach agus a chur chun feidhme.
Ní chuimsítear an méid seo a leanas sa Straitéis:
• Bailiúcháin leabharlainne oibre (seachas na míreanna nó na bailiúcháin sin a shainaithnítear mar ábhar bailiúcháin bhuan mar gheall ar a neamhchoitiantachta nó a luach cultúrtha).
• Saothair a fhorbraítear trí chónaitheachtaí ealaíontóirí (murar ndéantar iad a fhorshealbhú sna bailiúcháin).
• Macasamhlacha (seachas na cinn a bhfuil tábhacht stairiúil ag baint leo).
• Míreanna a úsáidtear go príomha le haghaidh imeachtaí nó i ndáil le fruiliú corparáideach.
Tá freagrachtaí ar an Músaem faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014 mar stór réad seandálaíochta an Stáit agus ní thiocfaidh aon rud sa straitéis seo salach ar fhorálacha an Achta sin ná ar fhorálacha an Achta um Fhorais Chultúir Náisiúnta 1997. Dá bhrí sin, tá dualgas ar an Músaem tacú le cúram na gcnuasach seandálaíochta lena gcaomhnú fadtéarma a chinntiú. Comhlíonann sé na hoibleagáidí sin trí chomhairle a sholáthar, cúram sonrach a thabhairt d’ábhar leochaileach nó tábhachtach agus glacann sé freagrachtaí an tochaltóra corruair. Maoin de chuid an Stáit is ea gach réad seandálaíochta nach heol a úinéir agus tá ról ag Stiúrthóir an Ard-Mhúsaeim chun na caighdeáin is airde maidir le cóireáil agus cúram na réad sin go léir a chinntiú. Tá na hoibleagáidí maidir le cúram ábhar tochailte mionsonraithe sna Caighdeáin maidir le Cúram agus Cóireáil Réad Seandálaíochta ó Thochailt.
7. Na Trí Phrionsabal maidir le Caomhnú agus Cúram Bailiúchán
Cosain: Na dálaí is fearr a sholáthar le haghaidh cúram a thabhairt dár mbailiúchán, chomh maith le rochtain a chur ar fáil orthu chun críocha oideachais agus taighde.
Cumhdaigh: Chun a chinntiú go bhfuil gach láithreán de chuid an Ard-Mhúsaeim sábháilte agus slán do na bailiúcháin agus don phobal.
Rochtain a chur ar fáil: Láithreáin, taispeántais agus léirmhínithe an Mhúsaeim a dhéanamh inrochtana go hiomlán do chách. Cé go mbeidh máistirphlean ar leith ag gach láithreán, beidh gach plean bunaithe ar na cúrsaí sin a chur san áireamh.
8. Treoirphrionsabail maidir lenár Straitéis um Chúram agus um Chaomhnú Bailiúchán
Is é is aidhm don Straitéis cothromaíocht a bhaint amach idir caomhnú fadtéarmach na mbailiúchán agus rochtain ar oideachas a sholáthar trí bhainistíocht riosca maidir leis na bailiúcháin agus bainistíocht agus oiliúint na foirne.
Chun an straitéis um chúram agus um chaomhnú bailiúchán a fhorbairt, glacadh le réimse bunphrionsabal. Déanfaidh Ard-Mhúsaem na hÉireann an méid seo a leanas:
8.1 Cur chuige bunaithe ar riosca i leith cúram bailiúcháin a úsáid
Déanfaidh an tArd-Mhúsaem measúnú ar riachtanais maidir le cúram agus caomhnú na mbailiúchán bunaithe ar shamhail phraiticiúil bainistíochta riosca. Úsáidfear measúnú ar an dóchúlacht riosca agus a thionchar i gcomhthéacs caillteanas luach na míre nó an bhailiúcháin chun bearta um chúram bailiúchán a shainaithint agus tús áite a thabhairt dóibh. Leis na bearta sin, laghdófar an damáiste agus an caillteanas go leibhéal inghlactha laistigh de na hacmhainní atá ar fáil.
8.2 Cur chuige iomlánaíoch agus comhsheasmhach maidir le bailiúcháin agus láithreáin a ghlacadh
Féachfaidh an Músaem ar bhonn iomlánaíoch ar chúram agus ar chaomhnú bailiúchán i láithreáin agus timpeallachtaí stórála uile an mhúsaeim. Trí chur i bhfeidhm an chreata atá bunaithe ar riosca agus forbairt sraith beartas, pleananna agus nósanna imeachta, cinnteofar go mbeidh comhsheasmhacht sa chur chuige sna láithreáin agus sna rannóga uile. Saincheapfar é sin de réir chineál an ábhair agus anailís an riosca.
8.3 Bonn a Chur faoi Chleachtas de réir Caighdeáin Aitheanta
Feidhmeoidh an Músaem ceannaireacht maidir le caighdeáin a leagan síos laistigh dá shainchúram reachtúil agus cuirfidh sé caighdeáin aitheanta maidir le cúram agus caomhnú a bhailiúchán chun feidhme agus cloífidh sé leo. Áirítear leis sin cloí le caighdeáin dhlíthiúla, eiticiúla agus ghairmiúla mar aon leis an treoir thionlacain a forbraíodh go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta chun sármhaitheas a chur chun cinn agus dea-chleachtas i músaeim agus in institiúidí cultúrtha á chinntiú. Forbróidh an Músaem tuiscint ar na caighdeáin sin ar fud na heagraíochta.
8.4 Inbhuanaitheacht a spreagadh i gcleachtas
Déanfaidh an Músaem a dhícheall tionchar timpeallachta na mbeart a dhéanfar chun na bailiúcháin a chumhdach a íoslaghdú agus déanfaidh sé inbhuanaitheacht a leabú i bpleananna agus i nósanna imeachta maidir le cúram agus caomhnú bailiúchán. Beidh laghdú ar úsáid fuinnimh, athchúrsáil agus athúsáid a chur chun cinn i gceist leis sin, chomh maith le teorainn a chur le húsáid táirgí a d’fhéadfadh a bheith díobhálach don chomhshaol.
8.5 Tacaíocht a thabhairt do leas an phobail
Tacóidh an Músaem le rochtain ar na bailiúcháin agus le húsáid na mbailiúchán ar mhaithe le leas an phobail anois agus amach anseo. Áirítear leis sin bailiúcháin a chur ar fáil trí thaispeántais, iasachtaí agus go digiteach agus ag cur le heolas faoi bhailiúcháin trí staidéar agus taighde. Aithnítear go bhféadfadh rioscaí méadaithe a bheith ina dtoradh ar úsáid na mbailiúchán. Cuirfear san áireamh sa mheasúnú riosca cineál na rioscaí agus a dtionchar ar luach na míre bailiúcháin agus cinnteofar leis go mbeidh bearta iomchuí i bhfeidhm chun damáiste a íoslaghdú.
9. Modheolaíocht na Straitéise
9.1 Cur Chuige Bunaithe ar Riosca a Úsáid
Tá deiseanna chun cúram feabhsaithe bailiúchán a fhorbairt bunaithe ar thuiscint ar an dóigh a n-iompraíonn ábhair na mbailiúchán i dtimpeallachtaí éagsúla agus bearta a dhéanamh lena chinntiú go gcuirtear na dálaí is fearr ar bun laistigh den mhúsaem. Is léir go bhfuil sainaithint, anailís agus bainistíocht riosca a bhfuil tionchar díreach aige ar bhailiúcháin ina gcuid bhunúsach de chúram bailiúchán. Bunóidh an tArd-Mhúsaem próiseas bainistíochta riosca bunaithe ar chreat seanbhunaithe a d’fhorbair Stephan Michalski ar dtús. Is éard a bheidh i gceis leis sin ná rioscaí a shainaithint, a mheasúnú agus a mhaolú bunaithe ar na deich ngníomhaire meatha. Chun tuilleadh faisnéise a fháil féach Gníomhairí meatha — Canada.ca.
I gcomhréir leis an mBeartas um Chúram agus um Chaomhnú Bailiúchán, úsáidtear bainistíocht rioscaí chun caillteanas luach na mbailiúchán a theorannú, ag tacú ag an am céanna le príomhphrionsabail eile amhail inbhuanaitheacht agus leas an phobail. Laistigh den Straitéis um Chúram agus um Chaomhnú Bailiúchán nílimid ag díriú ar an riosca íosta, ach ina ionad sin is é an aidhm riosca a laghdú agus úsáid na mbailiúchán á héascú agus tacaíocht a thabhairt dá n-úsáid leanúnach chun cuspóirí níos leithne Ard-Mhúsaem na hÉireann a chomhlíonadh.
9.1.1 Meastachán Riosca
Agus modheolaíocht anailíse riosca á forbairt, is é an chéad chéim i gcatagóiriú an leibhéil riosca cineál na nguaiseacha atá le cur san áireamh a shainaithint. Forbraíodh go leor samhlacha i gcaitheamh na mblianta, ach is é an ceann is forleithne a úsáidtear, áfach, ná an ceann a mhol Michalski 1990 ina leagtar amach naoi ngníomhaire meatha, agus le déanaí tugtar “Gníomhairí Athraithe” orthu sin. Chuir Rob Walter riosca breise leis an tsamhail ina dhiaidh sin a sainaithníodh ar dtús mar “fhaillí coimeádaíochta” ach ar tugadh “díthiomsú” air níos déanaí.
9.1.2 An tSamhail Bainistíochta Riosca a Úsáid
Is bealach é an próiseas bainistíochta riosca chun breathnú ar phríomhrioscaí agus iad a mheasúnú i dtéarmaí a ndóchúlachta agus a dtionchair.
Breithnítear cineálacha riosca astu féin do gach ceann de na deich ngníomhaire meatha agus ag suíomhanna éagsúla bailiúchán. Beidh gá le grúpáil suíomhanna stórála chun measúnú a dhéanamh ar limistéir atá neamhchosanta ar rioscaí comhchosúla.
Mar an gcéanna, le tionscadail a mbíonn tionchar acu ar bhailiúcháin, úsáidfear próiseas measúnaithe riosca chun na príomhrioscaí agus bearta maolaithe iomchuí a chur ar bun ar féidir iad a chur i bhfeidhm chun an dóchúlacht go ndéanfaí damáiste agus tionchar aon damáiste a dhéanfaí araon a laghdú nó a íoslaghdú.
Beidh tionchar difriúil ag tosca riosca ar bhailiúcháin éagsúla (mar shampla, d’fhéadfadh damáiste lotnaidí a bheith an-scriosach d’ábhair orgánacha amhail teicstílí nó seitheadóireacht). Cé go mbeadh sé an-úsáideach sonraí an chaillteanais luacha i gcás gach cineál bailiúcháin a bhreithniú, bheadh sé an-am-íditheach freisin i bhfianaise éagsúlacht na mbailiúchán agus na suíomhanna agus na dtionscadal iomadúla atá beartaithe. Sa tréimhse tosaigh, coinneofar measúnuithe riosca ar leibhéal ard chun mionsonraí iomarcacha a sheachaint.
Chun críche na straitéise, measadh dá bhrí sin go bhfuil sé inghlactha ginearálú a dhéanamh maidir le so-ghabhálacht an bhailiúcháin agus maidir leis an gcaillteanas luacha.
A bhuí leis an mbainistíocht riosca ansin, is féidir bearta maolaitheacha a chur chun feidhme maidir le rioscaí a bhfuil tús áite tugtha ina leith. Déantar achoimre ar na próisis bhainistíochta maidir le taispeántais, stóráil agus bailiúcháin ar idirthuras. Féadfaidh leibhéil rialaithe a bheith ar leibhéal an fhoirgnimh, ar leibhéal crua-earraí nó ar leibhéal nós imeachta. Is minic gur bealach níos éifeachtaí chun rialuithe a chruthú é riosca a bhainistiú trí fheabhas a chur ar fhoirgnimh ach is dócha go mbeadh sé níos déine ó thaobh caipitil de. D’fhéadfadh sé sin a bheith costasach sa ghearrthéarma ach laghdaíonn sé go minic costas na maoluithe ar leibhéal crua-earraí nó nós imeachta nuair a bhreithnítear é i gcostas na saolré iomláine i ndáil leis an bhfoirgneamh. Beidh costais chaipitil íosta ag baint le rialuithe atá bunaithe ar an leibhéal nós imeachta ach d’fhéadfadh siad a bheith costasach nuair a bhreithnítear iad thar thréimhse níos faide.
Thar thréimhse 5 bliana na straitéise, tabharfaidh an tArd-Mhúsaem faoi réimse tionscadal caipitil uaillmhianach. Is deis í sin an tsamhail bainistíochta riosca le haghaidh cúram bailiúchán a úsáid chun tús áite a thabhairt do bhearta, agus chun díriú orthu, a mbeidh an tairbhe is mó ag baint leo maidir le caomhnú fadtéarmach na mbailiúchán agus inbhuanaitheacht á méadú ag an am céanna.
I gcomhar le comhghleacaithe idir-rannach, déanfaidh an Phríomhfhoireann um Chaomhnú, sceideal measúnaithe riosca a ullmhú bunaithe ar na hacmhainní atá ar fáil agus ar chéimeanna na dtionscadal caipitil.
Úsáidfear faisnéis ó na measúnuithe riosca eolas a dhéanamh do bheartú tosaíochta an chláir cúraim bailiúchán agus d’fhorbairt an Phlean Gníomhaíochta um Chúram Bailiúchán, rud a thabharfaidh cúram bailiúchán chun cinn ar fud Ard-Mhúsaem na hÉireann.
9.1.3 Inghlacthacht Riosca agus Cinnteoireacht
Ós rud é go bhfuil na prionsabail maidir le cumhdach agus cosaint i gcroílár mháistirfhís straitéiseach an Ard-Mhúsaeim, is féidir glacadh leis go bhfuil an inghlacthacht riosca i gcás na mbailiúchán íseal.
Tá tionscadail chaipitil ina ngníomhaíocht ríthábhachtach agus go minic bíonn an aidhm shoiléir ag baint leo cúram agus inrochtaineacht na mbailiúchán a fheabhsú. Beidh buntáistí fadtéarmacha i gceist leis sin do na bailiúcháin agus dá bhrí sin beidh an lamháltas riosca maidir le freastal ar fheabhsuithe caipitil níos airde ná mar a bheadh sé i ngnáth-thosca. Sampla de seo is ea bogadh bailiúchán. Tá gá leis sin chun rioscaí a mhaolú ach mar thoradh air sin méadófar na rioscaí leis ar a bhfuil na bailiúcháin neamhchosanta sa ghearrthéarma.
Tá sé tábhachtach go ndéanfar bearta chun dóchúlacht agus tionchar na rioscaí a mhaolú i ngach céim de na tionscadail chaipitil chun an riosca foriomlán a laghdú laistigh de na lamháltais inghlactha.
Mar sin, tá sé ríthábhachtach go mbreithneofaí i raon feidhme na dtionscadal bailiúcháin a bhféadfadh tionchar díreach nó indíreach a bheith ag an tionscadal orthu agus go gcuimseofaí measúnú riosca maidir le bailiúcháin sa tionscadal ag an tús agus go gcuirfí bonn eolais faoi dhearadh agus faoi phleanáil an tionscadail leis.
9.2 Láithreáin agus Bailiúcháin — Cur Chuige Iomlánaíoch a Ghlacadh
Cuimsítear ocht láithreán músaeim in Ard-Mhúsaem na hÉireann faoi láthair. Léiríonn na ceithre láithreán músaeim phoiblí na príomhrannóga coimeádaíochta: Rannóg Seaniarsmaí na hÉireann (IAD), Sráid Chill Dara; An Rannóg Ealaíne agus Tionsclaíochta (A&I) i nDún Uí Choileáin; Rannóg Stair an Dúlra (NH) i Sráid Mhuirfean; Rannóg Shaol Tuaithe na hÉireann (IFD) i Músaem Shaol na Tuaithe, Teach Pháirc Thurlaigh, Co. Mhaigh Eo. Oibríonn na láithreáin agus na rannóga go léir i gcomhar le chéile chun na cuspóirí atá leagtha amach sa straitéis seo a bhaint amach.
Tá saoráidí stórála ar an láthair ag na músaeim i nDún Uí Choileáin agus i Sráid Chill Dara, agus lena chois sin, tá príomhstóras an mhúsaeim, ina bhfuil bailiúcháin ó na 4 rannóg choimeádaíochta, lonnaithe san Ionad Acmhainní Bailiúchán, Co. Bhaile Átha Cliath. Tá stórais Stair an Dúlra i mBaile Átha Cliath freisin, agus tá stórais thánaisteacha na mbailiúchán measctha i nDaingean, Co. Uíbh Fhailí agus tá ionad cóireála orgánach leathbháite ag an músaem sa Lár Tíre chomh maith.
Tá sé mar aidhm leis an Straitéis um Chúram agus um Chaomhnú Bailiúchán a chinntiú go bhfuil comhsheasmhacht ann ar fud na láithreán agus na mbailiúchán sin go léir tríd an gcreat bunaithe ar riosca a chur i bhfeidhm agus sraith chomhlántach beartas, pleananna agus nósanna imeachta a athbhreithniú agus a chur i bhfeidhm sna bailiúcháin go léir, bíodh siad ar taispeáint, i stóras nó ar idirthuras.
Féachfar leis an straitéis cleachtais a bhunú lena gcomhlíontar na caighdeáin íosta ach tá sé mar aidhm léi freisin cúram a fhorbairt agus a fheabhsú chun caighdeáin dea-chleachtais a bhaint amach ina láithreáin uile. Is é an aidhm go beidh cur chuige comhsheasmhach ann ar fud na heagraíochta lena gcomhlíontar na híoscheanglais trí nósanna imeachta agus próisis thaifeadta. Aithnítear go mbeidh dúshláin ar leith ag baint le gach láithreán agus go bhféadfadh sé a bheith ag céim forbartha dhifriúil. I gcás ina n-éilítear athrú ar na nósanna imeachta forordaithe leis sin, ba cheart iad sin a thaifeadadh go soiléir agus a admháil go bhfuil siad faoi bhun na gcaighdeán a bhfuil glacadh leo. Ba cheart tosaíochtaí feabhsúcháin a bhunú mar shásra chun na híoschaighdeáin maidir le bailiúcháin agus do chúram bailiúchán a chomhlíonadh agus a fhorbairt a thuilleadh.
Tá cur chun feidhme na Straitéise um Chúram agus um Chaomhnú Bailiúchán ina fhreagracht chomhchoiteann ar fud Ard-Mhúsaem na hÉireann. Baineann cúram maith bailiúcháin le gach suíomh agus rannóg. Soláthróidh an Rannóg Caomhnaithe comhairle agus tacaíocht maidir le cúram bailiúchán i gcomhar le comhghleacaithe i rannóga bailiúchán, i rannóga clárúcháin agus saoráidí, agus i rannóga ábhartha eile ar bith laistigh den Mhúsaem.
Tá foireann caomhnóirí speisialaithe ag an rannóg caomhnaithe a sholáthraíonn comhairle agus saintreoir maidir le cúram bailiúchán do bhaill foirne ar fud an mhúsaeim. Tá an phríomh-Rannóg Caomhnaithe suite i saoráidí Caomhnaithe saincheaptha i gceanncheathrú an Mhúsaeim ag Dún Uí Choileáin. Cuimsítear stiúideonna tiomnaithe agus spásanna saotharlainne ann do speisialachais agus feidhmeanna éagsúla caomhnaithe, mar aon le seomraí coraintín i measc saoráidí eile. Tá saoráidí suntasacha caomhnaithe breise san Ionad Acmhainní Bailiúchán agus i Músaem Shaol na Tuaithe, i Maigh Eo, agus tá spás stiúideo teoranta i Músaem na Seandálaíochta, Sráid Chill Dara. Soláthraíonn na saoráidí sin acmhainn chun cóireáil éifeachtach leasúcháin nó imscrúdaitheach a dhéanamh ar bhailiúcháin. Tríd an obair sin, tacaíonn an Rannóg Caomhnaithe le cúram bailiúchán a sholáthar ar fud an mhúsaeim.
9.3 Bonn a Chur faoi Chleachtas de réir Caighdeáin Aitheanta
Tá gealltanas tugtha ag an Ard-Mhúsaem caighdeáin aitheanta a chur chun feidhme ar fud na heagraíochta agus cloífidh sé le caighdeáin dhlíthiúla, eiticiúla agus ghairmiúla arna sainiú laistigh d’eagraíochtaí gairmiúla ábhartha agus le reacht.
Déanfaidh Ard-Mhúsaem na hÉireann a dhícheall na caighdeáin maidir le cúram bailiúchán a chomhlíonadh atá leagtha amach tríd an gClár um Chaighdeáin Músaem d’Éirinn. Tabharfar aird sa straitéis ar an ngá le haghaidh a thabhairt ar na caighdeáin agus, nuair is féidir, lena chinntiú go gcomhlíonfar iad sin nó go gcomhlíonfar iad go páirteach ar a laghad nó go bhfuil gealltanas daingean tugtha chun cleachtas a fheabhsú go háirithe laistigh de na réimsí a bhaineann le cúram agus caomhnú bailiúchán. Tá an músaem tiomanta do dhea-chleachtas a fhorbairt trí fheabhsú leanúnach.
Chun tacú leis sin, cinnteoidh an músaem go ndéanfar soláthar cuí maidir le caomhnú leasúcháin ar dhéantáin agus nach ndéantar é sin ach ag daoine atá cáilithe go cuí agus/nó creidiúnaithe go gairmiúil.
Cloífidh an músaem leis na Treoirlínte Gairmiúla agus leis an gCód Eitice atá curtha chun cinn ag Cónaidhm Eorpach na nEagraíochtaí Caomhnóirí-Athchóiritheoirí (E.C.C.O.) agus cloífidh sé leis na caighdeáin atá leagtha amach in Inniúlachtaí maidir le Rochtain ar an nGairm Caomhnaithe-Athchóirithe.
Tá ról ag an músaem mar chomhlacht rialála i Seandálaíocht na hÉireann. Dá bhrí sin, tá dualgas ar leith ar Rannóg Seaniarsmaí na hÉireann maidir le caighdeáin a fhorbairt agus a chur chun feidhme maidir le cúram ábhar seandálaíochta trína fhreagracht mar stór ábhar seandálaíochta an Stáit. Tá freagrachtaí ar an músaem freisin as a chinntiú go gcomhlíonfar reachtaíocht na hÉireann agus an reachtaíocht Eorpach agus gealltanais dhomhanda maidir le cúram iarsmaí daonna atá i seilbh an mhúsaeim. Tá sé sin leagtha amach sa Bheartas maidir le hIarsmaí Daonna.
Ní thiocfaidh aon rud sa straitéis seo salach ar na freagrachtaí faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta (1930 go 2014) agus faoin Acht um Fhoráis Chultúrtha Náisiúnta 1997.
Tá an tArd-Mhúsaem tiomanta do Spectrum, caighdeán idirnáisiúnta i ndáil le bainistíocht bailiúchán músaeim. Nuair is féidir, sáróidh an Músaem íoscheanglais Spectrum. Bainfear é sin amach trí Lámhleabhar Nós Imeachta Doiciméadaithe a chomhlíonann Spectrum a choinneáil agus sraith chomhlántach nósanna imeachta ina ndéantar cur síos ar an dóigh a gcruthaítear agus a gcoinnítear taifid mhúsaeim agus a ndéantar iad slán. Tá sonraí ar fáil sa Bheartas Faisnéise agus Doiciméadachta maidir le Bailiúcháin, sa Straitéis Doiciméadachta Bailiúcháin agus sa Straitéis Fardail.
9.4 Inbhuanaitheacht agus Bithéagsúlacht
Is príomhchuspóirí d’institiúidí poiblí iad inbhuanaitheacht agus bithéagsúlacht a thacú. Trí dhíriú ar an dearcadh ‘Ar son an phláinéid’, geallann an Músaem ceannaireacht a thabhairt maidir le tacú le gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar chailliúint na bithéagsúlachta agus ar an athrú aeráide.
Tacóidh an Straitéis um Chúram agus um Chaomhnú Bailiúchán le cur chun feidhme cleachtas inbhuanaithe sna hoibríochtaí ar fad agus cuirfear inbhuanaitheacht agus cuir chuige nuálacha chun tosaigh léi maidir le cúram bailiúchán.
In 2015, chomhaontaigh Grúpa Bizot – grúpa de phríomh-mhúsaeim an domhain – Prótacal Glas Bizot. Feidhmítear an prótacal sin mar threoir don earnáil músaem maidir le dálaí iasachta, stórála agus taispeána a bhunú lena dtugtar le chéile caomhnú fadtéarmach bailiúchán agus an gá do mhúsaeim a lorg carbóin a laghdú. Cuirfidh Ard-Mhúsaem na hÉireann spiorad an chomhaontaithe sin chun feidhme chun a thionchar ar an gcomhshaol a laghdú.
Déanfar cothromaíocht idir na cuir chuige maidir le timpeallacht stórála an mhúsaeim agus na mbailiúchán a rialú agus sprioc le haghaidh úsáid fuinnimh a laghdú, go háirithe maidir le tosaíochtaí cúraim bailiúchán a bhainistiú leis an gClár Forbartha Caipitil. Trí dhearadh inbhuanaithe agus trí bhearta a chur i bhfeidhm chun an spleáchas a laghdú ar mhodhanna rialaithe aeráide atá dian ar fhuinneamh, cuideofar le cláir an mhúsaeim a ailíniú leis an Acht um Ghníomhú ar son na hAeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin 2021.
9.5 Leas an Phobail agus Rochtain don Phobal
Is mian leis an Ard-Mhúsaem an úsáid is fearr a bhaint as a bhailiúcháin ach glacann sé leis ag an am céanna gur acmhainn theoranta iad. Féachfar leis an Straitéis um Chúram agus um Chaomhnú Bailiúchán cothromaíocht a bhaint amach idir úsáid chomhaimseartha na mbailiúchán agus a hoibleagáidí chun bailiúcháin a chumhdach do luchtanna spéise amach anseo.
Ag déanamh amhlaidh, éascóimid an úsáid is fearr as na bailiúcháin le haghaidh taispeántas, iasachtaí agus staidéir trí oibriú chun rioscaí a laghdú.
Díreofar sa chlár caomhnaithe leasúcháin ar na tosaíochtaí maidir le taispeántais, iasachtaí agus taighde.
Beidh úsáid taighde as na bailiúcháin agus sampláil scriosach (a dhéantar faoi Cheadúnas Chun Athrú a Dhéanamh a eisíonn Bord an Mhúsaeim) mar aon le himscrúduithe eile ar bhailiúcháin i gcomhréir leis an mBeartas Taighde agus spreagfar foilsiú faisnéise faoi na bailiúcháin chun í a scaipeadh ar an luchtanna spéise is leithne agus is féidir.
Tá an tArd-Mhúsaem tiomanta dá bhailiúcháin a chur ar fáil go digiteach. Le caomhnú, tacófar le digitiú na mbailiúchán agus cinnteofar gur féidir é a dhéanamh go sábháilte chun bailiúcháin a chur ar fáil do luchtanna spéise níos leithne.
Cinnteofar le tosaíochtaí do leabharlanna agus do chartlanna gur féidir na bailiúcháin a láimhseáil go sábháilte agus go mbeidh beartais agus cleachtais i bhfeidhm chun tacú le láimhseáil shábháilte ionas go mbeidh rochtain ar na bailiúcháin i gcónaí.
10. Athbhreithniú Suímh
Tá trí láithreán de chuid Ard-Mhúsaem na hÉireann (an tIonad Acmhainní Bailiúchán, Co. Bhaile Átha Cliath, Músaem na nEalaíon Maisiúil agus Staire, Dún Uí Choileáin agus Músaem Shaol na Tuaithe, Co. Mhaigh Eo) ann faoi láthair ar bronnadh creidiúnú iomlán orthu i mí Iúil 2022 faoi Chlár um Chaighdeáin Músaem in Éirinn (MSPI) na Comhairle Oidhreachta. Mar chuid den phróiseas sin, forbraíodh Straitéis um Chúram agus um Chaomhnú Bailiúchán chun oibriú laistigh den chéad cheann de thrí phlean straitéiseacha cúig bliana a forbraíodh don Ard-Mhúsaem agus lena gclúdaítear an tréimhse 2019-2022. Déantar forbairt leis an straitéis seo ar an obair a rinneadh le linn na tréimhse sin.
Mar chuid den ullmhúchán do Chreidiúnú MSPI, rinneadh athbhreithniú suímh. Ó shin i leith, tá dul chun cinn suntasach déanta maidir le fairsinge na monatóireachta agus an chalabraithe um an gcomhshaol ag gach suíomh.
Díríodh an obair fhorbartha don Straitéis um Chúram agus um Chaomhnú Bailiúchán seo (2023-2028) ar 5 réimse:
1. Athbhreithniú ar an soláthar reatha
2. Forbairt modheolaíochta bunaithe ar riosca chun tús áite a thabhairt do bhearta cúraim agus caomhnaithe bailiúchán
3. Creat beartais iomlánaíoch a fhorbairt
4. Acmhainní, cumas agus freagracht a shainaithint
5. An straitéis agus na próisis phleanála a fhorbairt
An t-athbhreithniú ar an soláthar reatha lena mbaineann:
• Cuairteanna ar phríomhláithreáin
• Anailís LLDB ar chúram bailiúchán
• Forbairt príomhuirlisí athbhreithnithe
• Modhanna measúnaithe bunaithe ar theimpléid a chruthú lena n-úsáid ag láithreáin stórála agus taispeántas
Ullmhaíodh tuarascáil ar an bpróiseas sin agus déantar eolas leis na conclúidí d’fhorbairt na Straitéise. Beartaíodh modheolaíocht bunaithe ar riosca agus rinneadh cuspóirí beartais a athscrúdú d’fhonn creat iomlánaíoch a fhorbairt. Trí bhreathnú ar acmhainní agus ar fhorbairt acmhainne, tarraingíodh aird ar dheiseanna, agus bunaíodh struchtúr tras-earnála.
Mar chuid de chuspóir na straitéise, déanfaidh an Músaem athbhreithnithe bunaithe ar riosca ar fhoirgnimh san eastát i dtéarmaí a n-oiriúnachta do bhailiúcháin. Déanfar athbhreithniú uileghabhálach ar stóráil freisin. Cuirfear eolas agus treoir ar fáil leo sin do chur chun feidhme na Straitéise um Chúram agus um Chaomhnú Bailiúchán.
11. Tionscadail Chaipitiúla
Tá clár uaillmhianach agus dinimiciúil forbartha caipitil á phleanáil ag Ard-Mhúsaem na hÉireann. Is iad seo a leanas na príomhthionscadail atá laistigh de:
• Tá forbairt ghailearaí Éire ag Athrú — Scéalta ónár mBailiúcháin 1900–2020 ag céim an deartha agus táthar ag súil go dtabharfar chun críche é i mí Dheireadh Fómhair 2024.
• Tá tionscadal athfhorbartha Mhúsaem Stair an Dúlra sa dara céim den fhorbairt. Éilítear leis sin go ndúnfar an músaem ar feadh tréimhse measta thart ar 7 mbliana.
• Tá uasghrádú ar na foirgnimh agus ar na córais mheicniúla agus leictreacha ag Músaem na Seandálaíochta ar Shráid Chill Dara, sna luathchéimeanna pleanála agus d’fhéadfadh sé nach mbeifí ábalta forbairt fhisiceach a dhéanamh ar an láithreán laistigh de thréimhse ama na straitéise, ach mar sin féin, beidh gá le pleanáil agus measúnuithe nach beag sna 5 bliana atá amach romhainn. Baineann acmhainneacht le plean chun Meitreo Bhaile Átha Cliath faoi thalamh a fhorbairt chun pleanáil agus aistriú na mbailiúchán a bhogadh ar aghaidh laistigh de na ceantair ar a bhfuil tionchar aige freisin.
• Tá tionscadail chaipitil eile níos lú ar siúl freisin do Mhúsaem Shaol na Tuaithe i bPáirc Thurlaigh. Le tionscadal Ghailearaí na mBád, cruthófar spás gailearaí ón limistéar stórála atá le feiceáil faoi láthair agus beidh gá le bailiúcháin na mbád a athlonnú chun athfhorbairt a éascú. Níl ach cuid de na báid aitheanta lena gcuimsiú sa taispeántas nua agus mar thoradh air sin ní mór saoráid stórála / láthair nua a aimsiú.
• Tá sé i gceist go ndéanfar an tIonad Acmhainní Bailiúchán i Sord a athlonnú go stóras buan eile faoi thart ar 2030. Táthar ag fiosrú roghanna faoi láthair maidir le láithreáin nó foirgnimh oiriúnacha. Is dócha go mbeidh gá le pleanáil agus ullmhúchán suntasach agus go mbeidh gá le hacmhainní a leithdháileadh laistigh de thréimhse na straitéise seo. Maidir le hathlonnú, bheadh gá le plean iomlán aistrithe agus le riachtanais foirne agus ábhar agus seicheamhú mionsonraithe a chríochnú faoi 2026 chun tús a chur le haistriú ó 2027 ar aghaidh.
Tá dhá impleacht mhóra ag baint leis an gclár caipitil atá beartaithe maidir le cúram agus caomhnú bailiúchán:
• Tá líon mór aistrithe bailiúchán beartaithe — tá cuid acu sealadach agus táthar ag súil le tuilleadh aistrithe.
11.1 Deiseanna le haghaidh cúram bailiúchán a chuirtear ar fáil faoin gclár caipitil
• Tugtar deis leis an gclár caipitil chun aghaidh a thabhairt ar chúram bailiúchán ar leibhéal an fhoirgnimh agus ar an leibhéal crua-earraí. Is minic a bhíonn sé níos déine ó thaobh caipitil de ar dtús aghaidh a thabhairt ar rioscaí do bhailiúcháin ar leibhéal an fhoirgnimh ach d’fhéadfadh sé a bheith níos cost-éifeachtúla ná mionathruithe athfheistithe nó maoluithe nós imeachta a chur i bhfeidhm ag céim níos déanaí.
• Cuirtear deiseanna leathnaithe ar fáil leis an gclár caipitil le haghaidh forbairt foirne de réir mar a chuirfear an clár chun feidhme agus díreofar an fhoghlaim ar réimsí nua a bheidh tairbheach d’fhorbairt amach anseo agus do ghnó mar is gnách.• Tugann obair trasfhoirne deis chun bacainní idir ranna a bhriseadh síos agus dea-chleachtas a scaipeadh. In éineacht le cur chun feidhme beartas agus nósanna imeachta athbhreithnithe, tugtar an deis leis sin cultúr dearfach a chothú i leith bailiúchán agus cúram bailiúcháin laistigh den institiúid.
11.2 Bagairtí ar chúram bailiúchán de bharr an chláir chaipitil
• Tugtar isteach réimse leathnaithe agus difriúil bagairtí do bhailiúcháin leis an gclár caipitil. Beidh measúnú bunaithe ar riosca ‑do gach tionscadal ina chuid riachtanach den phróiseas chun na rioscaí do bhailiúcháin a bhaineann leis na tionscadail chaipitil a mhaolú.
• Leis an líon ard aistrithe bailiúchán, leathnaítear raon na rioscaí.• Easpa acmhainne maidir le cúram, faisnéis, comhairle agus seirbhísí i leith na mbailiúchán atá tráthúil agus eolasach leis an bhfoireann atá ann cheana féin.
12. Aidhmeanna na Straitéise um Chúram agus um Chaomhnú Bailiúchán
Tá na haidhmeanna seo a leanas sainaitheanta don straitéis um chúram agus um caomhnú bailiúchán. Is freagrachtaí comhroinnte iad na haidhmeanna sin go léir, seachas Sármhaitheas Caomhnaithe (atá faoi chúram caomhnóirí ag a bhfuil oiliúint ghairmiúil), agus cuirfidh foireann an Mhúsaeim chun feidhme go comhpháirteach iad ar fud na rannóg uile.
12.1 Eolas a Neartú
Chun tuiscint níos fearr a chothú ar dhálaí bailiúchán agus rioscaí i láithreáin uile an Ard-Mhúsaeim
Tacóimid le caomhnú agus cumhdach ár mbailiúchán trínár dtuiscint ar shaincheisteanna cúraim agus caomhnaithe bailiúchán a fheabhsú. Áireofar leis sin ár n-eolas a neartú ar an dóigh a gcosnaíonn na foirgnimh na bailiúcháin agus ar an dóigh a dtacaíonn seirbhísí na bhfoirgneamh le dea-dhálaí timpeallachta Beidh tuiscint fheabhsaithe ar na rioscaí do bhailiúcháin mar bhonn faoi sin agus éascóidh sé cur chuige atá bunaithe ar fhianaise maidir le rioscaí a laghdú agus a bhainistiú.
12.2 Cúram a Fheabhsú
Chun dálaí do bhailiúcháin a fheabhsú agus cleachtais inbhuanaithe á gcinntiú ag an am céanna
Úsáidfimid an tuiscint fheabhsaithe ar dhálaí bailiúchán agus riosca chun próisis a fhorbairt chun tús áite a thabhairt do bhearta cúraim bailiúchán agus chun iad a bhainistiú ar fud an eastáit atá ann cheana agus ar fud an chláir uaillmhianaigh tionscadal leathan. Tacóidh sé sin le cothabháil agus feabhsú timpeallachtaí stórála agus taispeántais agus beidh cur chuige inbhuanaithe i leith úsáid fuinnimh agus tuiscint ar bhearta cúraim bailiúchán chur san áireamh laistigh den chlár caipitil mar bhonn faoi sin.
Díreoimid freisin ar na socruithe idirthréimhseacha do bhailiúcháin trí shruth oibre Bailiúcháin atá á nAistriú a fhorbairt chun rioscaí a bhaineann le bailiúcháin in idirthuras a bhainistiú.
12.3 Sármhaitheas Caomhnaithe
Chun sármhaitheas caomhnaithe a chur chun cinn agus bail na mbailiúchán a fheabhsú trí dhea-chleachtas maidir le hathlonnú, caomhnú leasúcháin agus imscrúdaitheach
Cuirfimid clár caomhnaithe agus taighde chun feidhme chun tacú le cláir rannpháirteachais leis an bpobal agus lena chinntiú go gcomhlíonfar ár bhfreagrachtaí reachtúla.
Cuirfimid feabhas ar an tuiscint ar bhailiúcháin trí thaighde eolaíoch agus forbróimid sceideal caomhnaithe chun tacú le cláreagrú taispeántas agus iasachtaí agus chun bail na mbailiúchán a chobhsú agus a stóras a fheabhsú lena chinntiú go mbeidh siad inrochtana i gcónaí anois agus amach anseo. Beidh béim ar leas an phobail mar bhonn faoi sin.
12.4 Acmhainn a Fhorbairt
Na scileanna, na saoráidí agus an pearsanra a fhorbairt chun cúram feabhsaithe caomhnaithe agus bailiúchán a sholáthar ar fud Ard-Mhúsaem na hÉireann
Cinnteoimid go mbeidh cosaint agus cumhdach na mbailiúchán ina dtosaíochtaí comhroinnte ar fud an Mhúsaeim agus cinnteoimid go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ar fáil do chúram na mbailiúchán laistigh de chláir agus le haghaidh forbairtí caipitil. Forbrófar scileanna agus eolas agus roinnfear iad go forleathan ar fud na heagraíochta lena chinntiú go mbeidh cur chuige iomlánaíoch agus comhsheasmhach ann a thacóidh le sármhaitheas i gcúram na mbailiúchán.
12.5 Cumarsáid agus Comhobair a dhéanamh
Torthaí feabhsaithe a bhaint amach do chúram bailiúchán ar fud an Mhúsaeim trí thuiscint agus freagracht chomhroinnte maidir le cosaint agus cumhdach bailiúchán
Déanfaimid beart de réir ár mbriathair ar fud na heagraíochta trí nósanna imeachta cumarsáide maithe agus tuairiscithe a fhorbairt agus trí réimse comhaontaithe de ráitis beartais a bheith againn lena gcuirtear bailiúcháin i gcroílár ár bhfíse. Comhoibreoimid ar bhonn áitiúil, náisiúnta agus thar theorainneacha idirnáisiúnta. Beidh tiomantas do chaighdeáin aitheanta i gcúram agus úsáid bailiúchán mar bhonn faoi sin.
14. Cur chun Feidhme agus Torthaí
Dírítear an straitéis ar na torthaí a bhainfear amach thar an tréimhse 5 bliana.
Bunaíodh straitéis mhionsonraithe cur chun feidhme ina bhfuil tosaíochtaí agus spriocanna a dhíreofar ar sholáthar éifeachtach na dtionscadal forbartha caipitil uaillmhianach agus na dtosaíochtaí taispeántais. Díreofar tús áite do chóireáil chaomhnaithe ar na cláir taispeántais agus foilsitheoireachta.
Dearadh réimse iomlán cuspóirí chun feabhsuithe a chur i gcrích maidir le cúram bailiúchán ar fud láithreáin uile Ard-Mhúsaem na hÉireann.
Forbrófar pleananna gníomhaíochta bliantúla chun tacú le cur chun feidhme na straitéise i gcomhréir leis na hacmhainní agus leis an gcumas atá ar fáil. Roinntear an fhreagracht as cur i bhfeidhm na straitéise ar fud an Mhúsaeim agus leis na spriocanna, déanfar eolas don phróiseas pleanála gnó, rud a éascóidh tuairisciú éifeachtach ar dhul chun cinn agus ar éachtaí.
Tá na torthaí seo a leanas sainaitheanta don Straitéis um Chúram agus um Chaomhnú Bailiúchán.
15. Athbhreithniú
Déanfar athbhreithniú ar an mbeartas sin i mí Aibreáin 2027.
16. Admháil agus Tuilleadh Faisnéise
Ba mhaith le hArd-Mhúsaem na hÉireann ár mbuíochas a ghabháil leis an sainchomhairleoireacht Caomhnaithe Oidhreachta as oibriú go dlúth linn chun an straitéis um chúram agus um chaomhnú bailiúchán a fhorbairt. Ba mhaith leis an Ard-Mhúsaem buíochas a ghabháil freisin le foireann uile an mhúsaeim agus lenár gcomhpháirtithe san OOP as a rannpháirteachas leis an bpróiseas agus as a dtiomantas do na torthaí réamh-mheasta a bhaint amach.
Tá doiciméid úsáideacha bhreise maidir le reachtaíocht, beartais agus straitéis le fáil sna nithe a leanas:
• An tAcht um Fhorais Chultúir Náisiúnta 1997
• Tá an Straitéis um Chúram agus um Chaomhnú Bailiúchán ar cheann de shraith de ráitis beartais agus straitéise de chuid an Ard-Mhúsaeim. Is féidir rochtain a fháil ar gach beartas de chuid an Ard-Mhúsaeim ag an nasc seo a leanas
• Beartais agus Treoirlínte | Ard-Mhúsaem na hÉireann
Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil faoin músaem Seandálaíochta https://www.museum.ie/en-ie/ collections-research agus Caighdeáin maidir le Cúram agus Cóireáil Réad Seandálaíochta ó Thochailt.